Joe Higgins TD

Socialist Party TD for Dublin West

Buiséad 7ú Aibreán ‘09 Míchothrom agus mímhóralta

Posted by Joe Higgins On May - 2 - 2009

‘Ba cheart go mbeadh an cothromaíocht lárnach in na híarracttaí chun cúrsaí eacnamaíochta a hathnúachan,’ adúirt an tAire Airgeadais Brian Ó Loinneacháin agus é ag cur an Bhuiséad os cóir na Dála Dé Máirt seo caite. Bréag ollmhór polaitíochta a bhí ins an méid sin, mar chuir sé i láthair an Buiséad ba mhí cothromaí agus ba ghéire riamh i stair an Stáit seo. (Léigh leat…)

Ní fhéadfadh sé a bheith aon slí eile toisc go bhfuil mar bunús leis an mBuiséad seo, ná go bhfuil iacall á cur ar gnath lucht oibre, tromlacht mór na tíre, íoc as an tubaist eacnamaíochta. Thárla seo de bharr an sainnt agus an brabúsaíocht a bhí ar siúl ag mionlacht beag baincéirí móra agaus speiciléirí le gach cabhair ó Fianna Fáil agus An Páirtí Daonlathach. Tá sé mi chothrom agus mímhórálta amach is amach go bhfuil na mílte Euro á thogaint as pá oibritheóirí atá ar meán agus íseal tuarastal chun íoc as seo ar fad.

is ionsaí fíochmhar ar daoine óga go bfhuil an liúntas dífhostaíochta á ghearrraadh €100. Deirtear gur chun brú a chur ortha dul isteach i cúrsaí oiliúna atá seo á dhéanamh. Ach oiliúint do cad é? Cad faoí na seasca printíseach atá á chaitheamh amach as a bpostanna agus as an oiliúint in SR Technics in Aerphort Bhaile Átha Cliath? Masla dóibh siúd is ea an gearradh seo.

Níl freagra ar bith ins an mBuiséad seo don ngéarchéim eacnamaíochta níos measa mar go bhfuil na billiúin á thógaint as pócaí lucht oibre. Sin iad billiúin nách mbeidh caite ins an eacnamaíocht ar earraí agus seirbhis agus dá bhrí sin beidh tuille difhostaíochta dá bharr san.

Tá sé do chreidte go bhfuil an Rialtas chun luach €90 billiún do fhiacha lofa a cheannach ós na bainc, sé sin na híasachtaí a thugadar do lucht speiciléireachta. Ní fios do éinne cé mhéid gur féidir go mbeadh luct íochta cánach thíos leis de bharr seo. Tá sé iorónta ar a laghad go bhfuil ar an nglúin atá ceangailte do morgáistí úafásacha de bharr na speiciléiri céanna an dream seo a shaoradh trína chuid cánacha.

Tá sé naocha bliain ó dúirt Seamus ó Chonghaile ina phaimpléad iontach, Socialism Made Easy, go raibh se ró dheanach an córas caipitliceach briste a dheisiú, go raibh sé in am fáil réidh leis ar fad. Má bhí an ceart aige ag an bpoinnte úd, ta sé i bhfad níos práinní ins an lá inniu.

Alt le Joe Higgins ó Foinse, 11ú Aibreán, 2009

CHECK OUT OTHER RELATED ARTICLES:

  1. Teora An Chaipitleachais Le Feiscint…
  2. Deineann Joe Higgins cáineadh láidir ar canacha nua ar sheirbhisí poibili agus rátaí uisce
  3. Raidió: Agallamh faoi na meáin shóisialta agus an tionscnamh nua, Tweet Your MEP
  4. Agallamh le Joe Higgins ó beo.ie
  5. Video: Míniú mo vóta a chaitheamh ar an rún ar Iosrael, an Phalaistín agus an cabhlachán Gaza

Comments are closed.

Featured Video