An taon ní atá cinnte faoí Buiséad na seachtaine seo chughainn ná go gcuirfear i bhfeidhm a thuilleadh ciorraithe fiochmhara i seirbhísí poiblí agus go ndéanfar a thuilleadh ionsaithe fiochmhara ar caighdeán beatha gnath lucht oibre na tíre. (Léigh leat…)
Sin íad na rudaí atá á éileamh le míonna anuas ag lucht mór gnó is airgeadais, priomh nuachtáin na milliunaithe agus eacnamaithe an eite dheis.
Ta ciorraithe doimhne i bpá lucht oibre ins na seirbhísí poiblí curtha i bhfeidhm cheana féin, comh maith leis an 1% ar ioncaim ginearálta. Tar éis an Buiséad seo, beidh ualach níos troime fós ar ghuailne an lucht oibre. Is cosúil comh maith go ndéanfar iarracht ar táillí a chur ar ais do micléinn sa Triú Leibhéal.
Ní cheart glacadh le haon cuid de seo. Ba cheart do gnath daoine a rá go soiléir nach íad atá freagrach as an ngéarcheim uafásach eacnamaiochta agus da bhrí sin nách íad a iocfaidh as.
Thárla an tubaist atá morthimpeall de bharr lucht mór speiciléireachta, lucht mór togála agus lucht mór airgeadais a bheith santach as cuimse, íad ag brabúsaíocht thar fóir le haghaidh proifíd mear, milteach mór a dhéanamh trí bolgán réadmhaoine a chruthú.
Anois, go tobann, leis an bolgán briste, teastaíonn uatha siúd atá ciontach as, an fulaingt a roinnt eadrainn uile. Ní chualamar faic faoi roinnt na proifídi ollmhóra a bhi á thabhairt isteach acu le dha bhliain déag anuas.
An céad rud gur ceart a éileamh anois ná cúntasaiocht ar an carn airgid a thuill na buic móra úd o 1997 go dtí le déanaí. Cé mhéid billiún a tógadh i mbrabús gach bliain? Cár cuireadh an tairgead úd agus cá bhfuil sé anois? Mar go bhfuil na hachmhainní seo ag teastáil anois dár seirbhísí poiblí, dár leanaí scoile, dár gcóras leighis agus do úsáidí eile.
Is ceisteanna géara mar seo gur ceart a bheith á chur ag ceannairí na gceardcumann. Ach, faraíor, níl dushlán dá laghad don rialtas ag teacht uatha. A mhalairt. Thréigh síad na hoibritheoirí nuair a ghéilleadar don bprionsabal go raibh dualgas ar gach duine, fiú daoine ar íseal nó meán ioncam, bheith rannpairteach ins na híobairtí a deirtear a bheith riachtanach de bharr na gearchéime.
Sé fírinne an scéil ná go bhfuil teorannta an chórais mhargaidh, sé sin an caipitleachas féin, le feiscint go soiléir anois. Soiléir nách bhfuil le fáil ag gnath daoine ón gcóras seo ach difhostaíocht, ciorraithe agus laghdú tubaisteach i seirbhísí poiblí. Agus is le haghaidh na nithe seo a chur i bhfeidhm atá an Buiséad ag tarlú. Dá bhrí sin ta sé thar a bheith in am tús a chur le diospóireacht ar conas is féidir linn an coras seo a athrú go bunúsach agus malairt chórais a chur ina áit. Córas nua ina ndéanfar cúrsai eacnamaiochta a riaradh ar mhaithe le tromlacht na ngathdaoine agus ar sheirbhísí poiblí a fhorbairt, seachas an staid tubaisteach ina bhfuil cúrsaí inniu de bharr sainnt thar cuimse lucht an rachmais atá ina mhionlacht beag ins an sochai go ginearálta.
Alt le Joe Higgins ó Foinse, 4ú Aibrean, 2009
CHECK OUT OTHER RELATED ARTICLES:
- Buiséad 7ú Aibreán ‘09 Míchothrom agus mímhóralta
- Agallamh le Joe Higgins ó beo.ie
- Deineann Joe Higgins cáineadh láidir ar canacha nua ar sheirbhisí poibili agus rátaí uisce
- Raidió: Agallamh faoi na meáin shóisialta agus an tionscnamh nua, Tweet Your MEP









